Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0526
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear 'n- a chómhnuidhe i gCo. Shlighigh uair amhán. Bhí dhá bhó is mórán caorach aige. Bhí slataire ar bhuachaill do dhriotháir in éinfeacht leis. Maidin amháin d'éirigh sé amach, bhí ceó trom ar na cnuic, chonnaic sé na caora ag rith, agus dob ait leis é. Ceard a bhí ag cur sa t-siúl mar ní raibh an madra amuigh ná aon rud chun iad a cur sa t-siúl mar sin. Is gairid no gur bhuail an capall anoir chuige agus marcach in áirde air, agus caipin dearg an an marcach.
Do chuir sin an iongantas air, ní nach ionghnadh. Is gairid no go dtáinig sé níos giorra dó, is cuaidh sé go dtí an tobar agus d'ól sé deoch uisge as, ansin bhailigh sé leis isteach san bhfairrge agus ní fhaca an fear aon radharc as sin amach air. Naoí seachtmhaine in a dhiaidh sin cailleadh an slataire dhriothár.- Bailitheoir
- Máire S. Níc Dhuarcáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mike Biddy
- Inscne
- Fireann