Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0534
- XML “An Bás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)roilig.Nuair a gheibheann páiste nach bhfuil os chionn deich mbliadhna d'aois bás, má's an chéád duine de'n chloinn é a gheibheann bás ní chuirtear cómhnra air acht tugtar na cláraí go dtí an roilig, agus cuirear thart ar an gcorp iad ins an uaigh i bhfuirm chómhnra. Muna ndeantaoi seo gheobhadh gach duine de'n chloinn sin bás.Ní chóir do mháthair an duine mhairbh a dhul leis an sochraid.Ní cheart dul treasna corp.Ní chóir deór a shilt go mbéidh an corp ó's cionn cláir.Ní cheart corp a fhágáil i dteach gan duine dá fhaire.Cosa na cómhnra i dtosach ar an mbealach go dtí an úaigh.Caithfhidh tríuír ban ar a laighead bheith i láthair nuair atáthar ag nigheadh cuirp.Ní cheart duine a chur ag an gcéad lá d'en bhlian úr.Má thuiteann duine isteach san roilig ní cóir dó éirghe nó go mbuailtear le slám créáfóige é, má eirigheann se sul a mbuailtear é.
- Bailitheoir
- Máire S. Níc Dhuarcáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Beasy Kitty
- Inscne
- Baineann