Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0550
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ina chómhnaidhe i gCo. Shligigh uair agus bhí aon inghean amháin aige agus do theastuigh uaidh feilmeoir maith d’fháil dí - dá inghin agus an té bhí a’ thúirt dí ní phosfaidh sí é. Bhí sé cortha, cráidhte céasta, agus a croidhe ciardubh dubh aici agus ní raibh fhios aige céard a dhéanfadh sé.
“Seadh! a ’nghin,” ar sé, ní féidir liom aon chothrom a bhaint díot,” ar sé, “nó cad tá ort” ar sé, “an fear a thúrfainn duit níl blas ná dath agat air agus cad a dhéanfaidh mé leat?” “Fág fúm féin é, a athair” ar sí, agus toghfaidh mé féin fear.” “Ní d’fhágfaidh mé i n-aon choraig fút é” ar sé, acht caithfir an fear a thúrfad duit a phosaidh.” “Ní phósfaidh mé a athair, mar teastuigheann uaim fear maith a d’fháil agus fear mór breágh chomh maith.” “Sin rud nach féidir a d’fháil” ar sé, “ach má gheibheann tú fear maith ní bheidh aon tslighe maith agat agus má déan ach déan rud ormsa agus túrfadsa fear duitse.
Bhí triúir feilmeóirí maithe ann agus cuir a h-athair scéala chúca - cuireadh dinnéir - agus tháinig an triúir. Bhí ceann aca(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Giollaruaidh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Beesy Ned
- Inscne
- Baineann