Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)

Suíomh:
An Choraidh, Co. Shligigh
Múinteoir:
Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0557

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0557

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curry (C.)
  2. XML Leathanach 0557
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean agus a chéile agus a gclann ann uair amháin agus do luigh Dia lámh ortha; cailleadh a fear agus cailleadh na leanbhaí ach aon leanbh amháin agus bhí an t-aon leanbh ag fáil bháis ins an gcliabhán. Oidhche amháin do bhuail an t-ógánach is breághtha gur las gaoth ná grian ariamh air agus do shuidh sé ar a h-aghaidh amach ar a’ dtaobh thall don teine, agus níor fhaca sí é ag teacht isteach, nó gur shuidh sé ar a h-aghaidh amach agus do sheinn sé suas a thrumpaí. D’iompuigh bean an chliabháin ar an nduine agus do bhí sí a’ féachaint air, agus do bhí an fear chomh breágh nach bhféadfadh sí a súil a thógaint dó. Do bhí sé tamall maith annsin agus é ag seinm na dtrumpaí agus í a’ féachaint air agus nuair a chas sí in a timcheall, is amhlaidh a bhí an leanbh caillte agus d’éirigh sé sin ’na sheasamh annsin agus do bhuail sé an doras amach.
    Cúpla bliadhain ina dhiaidh sin bhí Stáisiúin ins an dteach. Dubhairt an sagart nach raibh aon pucaí ann acht dubhairt an bhean go raibh agus d’innis sí an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Giollaruaidh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Bid Martin
    Inscne
    Fireann