Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0572
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean in a cómhnuidhe i gCaiseal, agus maidin Dómhnaigh bhí sím ag cur faoi réir chun dul go dí an Aifreann, mar bhí sé ag druideam leis an am. D'imthigh sí agus ní raibh sí i bhfad ithighthe soir an bóthar nuair a bhuail pinghin leí. Chrom sí agus thóg sí é, agus ar gach aon coisceím nach mór, annsin, bhíodh pingin roimpi. Do chromadh sí agus do thógadh sí an pingin i gcómhnaidhe go dtí go raibh a h-aprúin líonta, sara raibh sí buailte le corraidh. Chuaidh sí isteach i dTigh an Aifreann annsin ach bhí an t-Aifreann caillte aice.
Dubhairt sí 'na h-aigne féin nach aon ní cóir a chuir an t-airgead sa treo roimpi agus a rádh gur chaill sí an t-aifreann dá bhárr.
D'fhan sí annsin go raibh an t-Aifreann i leathtaoibh agus na daoine go léir bailighthe leó abhaile. Dubhairt sí léi feín go rachard sí chuig an sagart agus go n-innsóchadh sí dó i dtaoibh an airgid a bhuail léi ar an gcasán, ar theacht dí, agus gur chaill sí an t-Aifreann dá bhárr.
Ní fheadar cioca an t-athair Sheáin nó an t-athair Thomáis a bhí mar shagart san am. Chuaidh sí ag triall ar an sagart(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Mhurtaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- John Tomás
- Inscne
- Fireann