Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0593
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- D’imir Seán Mhór ar an sionnach. Chuala sé go raibh brocach aige i gcolbha an bhóthair. Thug sé leis sgorach i néindigh leis agus péire trapanna madra uisge. Luigh sé le taoibh cloiche annsin nuair bhí ceann aca curtha aige agus sgar an sgorach tuairim dhá rópa fraoich os a chionn. Ní mórán achair go dtáinig agus fortúnach éicint aige le haghaidh na gceann nógh. Chonnaic sé an trap curtha roimhe ag béal na brocaighe. Leag sé an fortúnach uaidh agus chuaidh sé anonn ag colbha an bhóthair. Thug sé anall cloch i n-a bhéal. Sgaoil sé síos sa trap í. Dhún an trap. Nuair a chonnaic seisean chomh maith agus d’oibrigh sé chaith sé ar chúl a chinn é féin le meidhir agus thosuigh sé ag mion-thafan agus gh’á rómhar féin ar an talamh.
“Déanfaidh sin a bhuachaill,” adeir Seán, “beidh tú agam-sa sul ma ghabhas grian i dtalamh amáireach.”
D’imthigh Seán lá ar na bárach arís agus thug sé leis an sgorach, a dhá thrap is a láidhe. Chuir sé trap ag béal na brocaighe. Bhain sé sraith coisméig uaidh. Leig sé síos an dara trap ann. Bhain sé slámh seiscibach agus clúdaigh sé an trap leis ins an gcaoi nach bhfeicfeadh an sionnach é agus bhí sé comh-chomhtrom le bárr na talmhan aige
“Clúd orm an fraoch anois” adeir sé leis an sgorach,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Níc Énrí
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bid Burton
- Inscne
- Ní fios