Scoil: Lough Arrow
- Suíomh:
- Loch Arbhach, Co. Shligigh
- Múinteoir: Cathal Ó Dubhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gach duine ins an bparóiste. Ag an aifreann ar an Domhnach roimh an pósadh, sheas sé ar chlaidhe agus thug sé cuireadh do gach fear is bean ins an bparóiste a raibh "bealach taistil aca" a theacht go dtí an bainfhéis. Thug athair gach tighe trí no ceathair de bhuidéal poitín leis, agus thug a bhean trí no ceathair de "bannachaibh" aráin leithe. Mar sin bhi cead ag an líon-tighe go léir a dhul go dtí an bain-fhéis. Bhí táilliúr ins an bparóiste agus ní raibh "bealach taistil" aige acht ba mhaith leis dul go dtí an bainfhéis. Ar chaoi ar bith bhí "Pocaide Gabhair" aige, agus céard a rinne sé acht an gabhar a ghléasad. Chuir sé ribiní os cionn a dhá chluas, agus rinne sé fleasg agus chuir sé fa'n a mhuinéal é. Rinne sé súsa do féín, agus chúaidh sé in-áirde ar an ngabhar agus as go bráth leis ag tarraint ar an mbainfhéis. Nuair a chonnaic lucht na bainféise é ag teacht, tháinceadar uile go léir amach go bhfeicidís an t-iongnadh. "An táilliúr in-áirde ar dhruim an ghabhalra raibh an coróin craobhach ar a cheann." Cuireadh na múrtha fáilte roimhe, fáilte níos mó roimhe ná aon duine a tháinic go dtí an bainfhéis.(leanann ar an chéad leathanach eile)