Scoil: Lough Arrow
- Suíomh:
- Loch Arbhach, Co. Shligigh
- Múinteoir: Cathal Ó Dubhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lough Arrow
- XML Leathanach 104
- XML “Bainis Mhall Rua O' Reachtabhrach”
- XML “Na Seanchabáin Lathaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do mhair an bhainfhéis ar feadh seachtmhaine agus i rith an ama sin go léir, bhí neart bidh agus dighe le fághail aca. Bhí ceól da sheinnt ar na málaí píopaí agus ar na fídiógaibh agus rinncí Gaedhealacha da ndamhsughadh go lúthmar, eadtrom
ogas (?). Ní raibh spóirt ann go dtí é, agus mhair an lánamhain posta go sona, séanmhar ar feadh bliadhanta fada in a dhiaidh. - Ar dtuís romharadh an talamh, in áit a mbéádh an cré feiltamhnach: Annsin cartadh anuas an cré in a charn mór; annsin cuireadh bruíb luachra agus uisge tríd agus chuireadh asail agus capaill ag sathailt air. Bhíodh na fir gha mheasgadh le sluasaidí. Nuair a bhéadh an cré sathailte agus measgtha go maith aca, gheibhidis gabhail agus ghnídí na ballaí leis: Indiaidh na ballaí bheith déanta aca, chuirídis an díon air: Bhíodh na frathacha mór adhmaid déanta as crainn dáraighe aca agus taobhan mór adhmaid ag dul ó chean go ceann. Ar na(leanann ar an chéad leathanach eile)