Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Suíomh:
- An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- XML Leathanach 303
- XML “An Dúthaigh thart timpeall na Scoile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)timcheall míle-go leith tá cuid de Sléibhte Staic - agus soir ó thuaidh uatha san ta Gleann a' Ridire (timcheall 4 míle ó'n scoil) "ag bagairt a gceann thar dhruim a chéile" as san go teórainn Luimnighe.Ó dheas ó'n scoil timcheall a cúig no a sé míle tá Sliabh Mis agus na sléibhte eile atá sa raon chéudna (?) Barr trí gCam, Cathaoir Conroí, Binn ós Gaoithe, srl. Is féidir lé leanbhaí na scoile an raon mór maordha san d'fheicsint ó bhinn na scoile lá geal gréine nuair a bhíonn an spéir glan "gan scamall gan smúit". I bhfad ar an dtaobh theas de Sliabh Mis is fuirist Sleibhte eile d'fheicsint ag eirghe thar dhruim Sleibhte Mis. 'Siad na sleibhte san ná Cruacha Dubha Mhic Giolla Choda - a bhíonn go gorm gléineach fá lonnradh na gréine soillsighe.Timcheall 4 míle ar and dtaobh thiar de'n scoil tá baile mór-ghnóthach Tráighlí - suidhte ag Béal na Laoi (Letha) agus ar imeall na maighe míne mánla a ghabhann soir uaidh go dtí Oilean Ciarraidhe. Tá talamh maith méith i bfurmhór na mbailtí fearainn seo: agus "feirmeóirí móra" ann - cuid aca ar mhuin na muice agus cuid eile aca briste. Feirmeóireacht an gnó is mó atá ann, agus cothú stuic, ach faríor 'sé thuairim go bhfuil deire lé cothú beithíoch sa dúthaigh seo feasta. Tá cuid mhaith(leanann ar an chéad leathanach eile)