Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Suíomh:
- An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uatha an gallán beag. Agus do thosnuigheadar ag tathaint ar an gaiscidheach ba mhó agus ba thréine dhíobh go léir urchar do chaitheamh leis an sgilp - Annsan gur chrom sé agus gur lúbaigh sé é féin agus gur thóg sé an ballán cloiche ina láimh dheis. Annsan tá sé ráidhte gur léim sé ar mharc a bhí ann agus lé neart a gheug agus a chuisleann gur chuir sé an gallán cloiche ag feadghail tríd an aer agus nár stad an gallán gur tháinig sé 'n-a sheasamh 10 dtroighthe ó'n sgilp. Ní fios cé dhéin an gníomh uathbhásach so : (I bpáirc Tomás Mhic Chuinn atá na galláin seo agus do leag sé ar lár iad nuair a bhí sé ag cur cruithneachta sa páirc tar éis duadh mór d'fhágail chun é leagadh).
(2) I mBaile an Mhuilinn (míle thaobh thoir de'n scoil) tá dhá pháirc (ceann aca le Micheál Ó Súilleabháin agus an ceann eile le Mac Ealaghóid) Glaodhtar "Páirc a' dalláin" ar gach páirc díobh. Níl, amhthach, i gcuimhne aoinne sa bhaile sin go bhfacthas riamh gallán ionnta.
(3) I bpáirc Risteáird Uí Diaghaidh i Lios Ubhaillín (1/4 míle thaobh thoir theas ón scoil) tá gallán 6 troighthe ar aoirde. Tá sé ráidhte go raibh ógham sgríbhte air. Do leagadh ar lár é agus d'aistrigheadh é acht tar éis tionóisc éigin do thuitim amach do cuireadh é n-a sheasamh arís san áit cheudna.
(4) I bpáirc Liam Hoffman i mBaile Mic Ealaghóid tá gallán cóh-chruinn Meaghann sé breis is leath-thonna agus níl sé ceangailte go doimhin(leanann ar an chéad leathanach eile)