Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Suíomh:
- An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- XML Leathanach 313
- XML “Ré na Críostaíochta”
- XML “Erc Bréanainn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins na giotaí atá sgríbhte - ní'l agam acht buille fé thuairim dá thabhairt ar eachtraí móra na stáire. Ní h-aon mhaitheas bheith ag innsint go bhfuil an fhírinne in a lán atá sgríbhte idtaobh ré dorcha na págánachtta - már ní'l.Acht tháinig eólas ar ealadhain na sgríobhnóireachta go h-Eirinn lé linn Phádraig Naomhtha tímpal na bliadhna 432 A.D. agus táthar adhbhairín cinnte des na rudaí a thuit amach ó'n mbliadhain sin anuas - cé gur cailleadh a lán leabhar in-ar sgríobhadh na h-eachtraí.
- Is deallrach gurbh'é Naomh Erc a thug leis an creideamh fíor go Ciarraidhe Luachra. Is tre Co. Luimnighe a tháinig sé chúghainn. Tá áiteanna i gCiarraidhe Luachra fós go bhfuil ainm an naoimh sin ortha e.g. Tearmann Eirc.B'é an duine ba mhó cáil de dhaltaí Noimh Eirc, ná Bréanann Naomhtha. Deirtear go rugadh é siúd in-aice leis an bhFianait agus go bhfuair sé bronntanas 50 bó agus a gcuid laogh ó Mac Áirde, gur bhaist Naomh Erc é i dTobar na Molt. B'í Naomh Íde a mháthair oileamhna ó aois bliadhna dhó go h-aois 6 mblian, agus annsan gur cuireadh é go Naomh Eirc agus go raibh sé ag foghluim fé na athair oileamhna go dtí go raibh sé 'n-a fhear óg. Deireann an t-Athair urramach Ó Fearghusa gur in-Uaimh Bhréanainn (sa pharoíste seo) do rugadh é(leanann ar an chéad leathanach eile)