Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Suíomh:
- An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cé go raibh OCHT bparóistí ar leithligh sa dúthaigh seo - síos go dí an 10adh nó an t-aonmhadh aois deug - (nó b'fhéidir nios déidheanaighe) do meascadh iad na dhiaidh sin - agus do deineadh CEITHRE paróistí dhíobhTuigfimíd é seo ón dtuairisc sa bhliain 1291 AD. chuir an Pápa (Nioclás IV.) bulla amach agus d'órduigh sé cíos-cháin Eaglaise do bhailiú ar fúid an domhain agus ar fúid na Críostaidheachta uilig cun costas "cogadh na croise" do dhíol. Bailigheadh an cháin seo i ndeoiseas Chiarraí i mbliadhain 1302. San am san bhí 4 paróistí sa dúthaigh seo:-
(1) Baile ó Síoda
(2) Cill Chuain
(3) Nuachongbhail
(4) Uaimh Bhréanainn
Cuireadh Cill Dubh lé h-Uaimh Bhréanainn.
Cuireadh Cill Bhán, Cill Cham agus Airbhile lé Cill ChuainTá na ceithre Paróistí san marcálta i léarscáilí an Conndae Dhíol siad an Cháin mar seo:-
(1) Baile ó Síoda 10/-
(2) Nuachongbháil £1
(3) Uaimbhréandain 10/-
(4) Cill Chuain 13/4Bhí airgead nios gainne an uair sin ba ionann 10/- an uair sin agus idir £25 - £30 indiu
Chun an cháin sin do bhailiú ní raibh na paróistí thuas sa dhéadhanacht cheudna - bhí Baile ó Síoda agus Nuachongbháil (King) i ndéadhanacht Triuch-an-Aicme (Tráighlí) bhí Uaimh Bhréanainn i Cill Chuain i ndéadhanacht ó Dórna agus Cill Fhloinn.Tá daoine sa dúthaigh seo agus nuair a gheibheann siad bás cuirtear i gCill Fhloinn iad.