Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Suíomh:
- An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- XML Leathanach 336
- XML “Roimh Teacht na Normannach”
- XML “Teacht na Normannach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall na bliadhna 1172 - b'iad na taoisigh mhóra a bhí i gceannas ár gCondae ná : -
(1) Ua Conchubhair - i dtuaisceart an Chonndae
(2) Mac Cárthaig Mór : Ó Súilleabháin Mór: agus Ó Donncadha - i lár an Chonndae
(3) O Súilleabháin Bhéarra - i ndeisceart:
Ina dteannta so bhí na fó - taoisigh nó na tighearnaí beaga:-
Ó Failbhe, Mac Giolla Choda, O Conaill agus Ó Mathghamhna.
Do shíolruigh Ó Súilleabháin Mór agus MacGiolla Choda ó Oillill Ollum rígh Cúige Mumhan a fuair bás sa bliain 234AD.
Ach ba chómhachtaighe i bhfad Mac Cárthaig agus Ó Donnchadha ná ceachtar díobh so: b'é MacCárthaigh rígh an Chonndae nach mór. Tá áit annso ar a dtugtar Baile Chárthaigh: ní feadar an bhfuil aon baint aici le MacCárthaigh.
Is deachair a dhéanamh amach cé bhí 'n-a mháighistir ar an dúthaigh seo sar a dtáinig muinntear Mac Ealaghóid. - Tháinig Enrí ll go h-Éirinn 1172 agus tá sé ráidhte go ndeachaidh MacCárthaigh chómh fada lé Portláirge chun a mhor-thighearnas d'admháil. Mar gheall ar sin d'éirigh a mhac 'na choinnibh agus ghlaodhaigh Mac Cárthaigh isteach ar Normánach darbh 'leasainm dó "Réamonn Reamhar" chun an mac do smachtú: do marbhuigheadh an mac. Mar gheall ar an "deagh-obair" a dhein Réamonn do bhronn MacCárthaigh mar luach saothar air dúthaigh mór áluinn i dtuaisceart Chiarraighe timcheall an bhaile - "Leacsnámha". Bhí mac ag(leanann ar an chéad leathanach eile)