Scoil: Gníomh go Leith (B.) (uimhir rolla 1703)
- Suíomh:
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Cormac Ó Laoghaire
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 319](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0451%2FCBES_0451_319.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 319
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- ( Mícheál Ó Muimhneacháin do sgríobh - Gnionh-go-Leith. Fuair sé an cúntas ón a shean-mháthair 80 blanta d'aois )
Timcheall míle go leith ón scoil seo, tá portach mór, agus tugtar " Bogach na Mine " mar ainm air. Tá suas le trí céad achra talmhan ann, agus baintear moín de'n dtaobh de. Áit an-dheas iseadh é sa Samhradh agus bionn alán daoine ann ag baint, agus ag sabháilt na móna. Tá a lán ainmhidhthe fiadhaine ann, na sionnaig, na giorruidhthe, na cearca fraoigh, naoscaig agus eile.Tá fhios ag cách ar an rud iongantach do thuit amach ann, agus bhí na daoine ag trácht mar gheall air, imbaile agus igcéin. Ar an 28adh lá de Mí na Nodlag 1895, do rith an portach i lár na h-oidhche. Bhí a lán rian mar gheall air, sar ar rith sé, agus bhí an portach atuighthe suas cúpla blian roimh ré. Samhluightear duinn go raibh an tuille thar céad troig in ndoimhneacht. Isteach sa choiréal leis an bhfánaidh do chuaidh an tuille, agus níor dhein sé stad ná staonadh gur bhain sé amach na Loca Cille Aírne.Bhí tig in giorracht cead slat do'n bportach - Do leagadh an tig, agus bádhadh an líon-tíghe go léir, slán mar a n-innistear é, ach amháin cailín, mar do bhí sí as baile an oidhche sin. Ní raibh tásc na tuairisc ar an dtig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Muimhneacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Mhuimhneacháin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí