Scoil: Gníomh go Leith (B.) (uimhir rolla 1703)
- Suíomh:
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Cormac Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gníomh go Leith (B.)
- XML Leathanach 388
- XML “An Bhean Sí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sórt mná ó’n t-saoghal eile iseadh an Bhean-Sídhe. Nuair go mbíonn aon duine de mhúintear Mhuimhneachháin ag druidim chun báis, cloistear an Bhean-Sídhe ag gol. Fadó do bhíodh na daoine ag dul go Corcaigh le feircín ime. Do théighidís ar thuitim na h-oidhche, agus do bhídís ag dul tríd an oidhche. Tímcheall ar mheadhon-oidhche, do chloisidís an Bhean-Sídhe ag gol.Do bhíodh sí ibhfuirm muice, mná, agus uaireannta do bhíodh sí i bhfuirm fir. Bhí mo mháthair-críona ag teacht o Corcaigh oidhche amháin, le rudaí le ndíol in a siopa. Ní raibh bróga na stocaí uirthe. Bhí sé tímcheall meadhon-oidhche an uair sin. Bhí sí ag dul treasna áite darbh ainm do Doire-na-Sagart, agus do bhuail bean lei.Bhí gúna bán ar an mnaoi sin. Tímcheall mí nó mar sin ‘na dhiaidh sin, fuair mo mháthair críona bás. Cúpla bliain nó mar sin ó shoin do cloiseadh an bhean-sídhe in Galán. Bhí cailín ins an dtig sin, agus fuair sí bás tímcheall(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Dómhnal Ó Suileabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí