Scoil: Gníomh go Leith (B.) (uimhir rolla 1703)
- Suíomh:
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Cormac Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gníomh go Leith (B.)
- XML Leathanach 420
- XML “Máire Bedlam”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Leas-ainm do mhnaoi a bhiodh 'na cómhnuidhe go minich sa stráid bhaile do b'eadh Máire Bedlam. Bean feasa do b'eadh í, agus dúbhrathas gur thárlaidh (?) a cuid fáidheadóireachta go ceart go ró mhinich. Do dhein sí trí nó ceitre tairngirí agus do bfhior dí iad.Uair amháin dubhairt sí ná beadh ach aon tigh chinn tuighe sa tSráid bhaile seo, agus do bfhior d'í é. Dúbhairt sí ná beadh aón tséípéal i Gniomh-go-leith, agus do thosnuig na daoine ag magadh fúithe mar bhí séipéal maith go leór achu. Ach do bfior d'í é, mar do tógadh séípéal órnáideach i mbaile Fearann i gCúm, agus do leagadh an sean-séipéal i Gniomh go leith. D'innis sí do mhnaoí a riabh fonn pósta uirthe go bpósfaí le cómharsain í na beadh aige ach acra talmhan. Do ghári an cailín fúithe mar bhí smaointí móra cun pósta aiche. Ach ní raibh ag an mhnaoí ach an fhírinne glan. Dubhairt leis go mbeadh capaill ráis ag duine de's na Muimhneachain i gCúm. Nior tháinig rian na firinne de sin fós.Le linn a hóige do bhí sceón ar na daoine go léir roime toisc a tairngirí ionghantacha. Is beag do shíl Máire nuair a bhí sí 'na cosa go mb'eadh na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- John Moynihan
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mrs Julie Moynihan
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí