School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Conas a deintear coinneal Ar dtúais geibhtear geir bó nó caorach agus deintear é do leaghadh ins an oighean in n-aice na teine. Geibhtear múnla a bhíonn i bhfuirm coinnle agus cuirtear téad spéisíalta i gcóir an bhuaicis tríd ceann an múnla. Deintear an córda do chasadh go maith agus é do choiméad i dtaca i lár an mhúnla le tairgne a cuirtear tríd ceann an bhuaicis agus annsan treasna an múnla díreach tríd fóid big. Leigtear an geir isteach san múnla go dtí go mbíonn sé lán agus fágtar an múnla mar sin, go dtí go mbíonn sé lán go dtí go mbíonn sé lán go dtí go bhfuarann agus go gcruadhann an choinneal. Is fuiriste iad d‘fhuaradh ins an geimhreadh. Nuair a bhíonn an choinneal fuar tagann sí amach as an múnla gan aon duadh. Deintear beart coinneal ins na múnlaí d’aon iarracht amháin. Bíonn cuid de na múnlaí déanta de prás nó d’umha agus bíonn cuid eile déanta de luaidh garbh agus tagann coinneal gharbh amach as leis.
Ainm an duine ó’n a bhfuaireas é:-
Tomás O Donnchada, Cúlbáin, FaithceAinm an cailín a fuair é:-
Luighseach Ní Claochlaidhe
A Seoladh – Saoirse, Faithce, Lios-a-Phúca- Collector
- Luighseach Ní Claochlaidhe
- Gender
- Female
- Address
- Saoirse, Co. Chiarraí
- Informant
- Tomás Ó Donnchada
- Gender
- Male
- Address
- An Chúil Bhán, Co. Chiarraí