School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-sgéalBhí beirt fhear ag baint na móna i gCurrach Cíll-Dara agus bhuail fear leo agus íad ag teacht abhaile um thráthnóna. Thángadar adhbhar déanach agus bhí in aoinfeacht leo ag teacht abhaile. D’fhiafruig sé dóibh ar mhaith le adbhar spóirt d’fheisgint anois. Dubhairt síad gur mhaith “más é do thoil é.” Bhí mála aige agus dubhairt fear aca “béarfad tamall dod’ bhóthar duit é.” “Alright” ar seisean “tástálaíd é.” Dheineadar é do thástáilt agus níor fhéad sé é bhreith sé slata ó bhaile. “Chaithfidh sibh sgilling a thabhairt dom” ar seiseann. Chaithfidh sibh sgilling a thabhairt do crampar dála.” “Tabharfaimíd” ar síad “agus fáilte.” Sgaoil sé amach an gíarrfiadh cúcha agus dhá cú a b’fhearr níor b’fuiriste duit d’fhághailt. Bhíoadar uair a’ cluig ina dhíaidh agus sgaoil sé isteach íad comh luath agus bhí uair a’ chluig suas. “Caithfidh mé babht eile a theasbáint díbh.” Sgaoil sé amach dhá chapall ráis cúcha agus dheineadar an babhta tímpall. Ní raibh puinn breis aga ag aoinne aca ar a chéile. “Bheul a Sheáin” ar seiseann nuair a bhí sé críochnuighthe leó “cad a dhéanfaidh an aimsear anois?” “N’fheadar cad a dhéanfaidh sí” arsa Seán “ach ba mhór an ‘circus’ an tiomáint(continues on next page)
- Informant
- Pádruig Ua Suilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Cill Airne, Co. Chiarraí