School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Na Tulacha, Co. Chiarraí
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 236

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 236

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 236
  3. XML “Obair na nDaoine Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    buaileann sé chun na páirce, beireann sé ar cabhcaidín rámhainne maol, casol, éadtrom agus deineann sé poll san iomaire., cuireann sé sciollán ann - cuireann sé trí cinn i leithead an iomaire annsan. Cuireann sé rann (=ramhann?) eile dhíobh agus troigh ar a luighead idir an chéad rann agus an tarna ceann. Nuair a bhíonn na sciolláin curtha faigheann buachaill éigin tuairgín (cnapóg adhmaid agus cos adhmaid feistithe go daingean ann) buaileann sé drom gacha puill le buile an tuairgín go dtí go mbíonn an scoilt dúnta. Cuirtear sciollóga arna píosaí a bhíonn fágtha tar éis an [t]síl do ghearradh agus tugtar dos buaibh iad. Nuair a bhíonn duine ag sáthadh na sciollán ní mór dó bheith an-aireach ar eagla go bhfágadh sé cuid den iomaire gan chur. Rud mí-ádhmharach is eadh é. Bhíodh meas mór ar na caistíní fadó agus mar adubhairt (?adubhart nó adubhairt mé) cheana fágadh poll sa tsimné chun cuid den deatach a mhealladh isteach ar lochta ina mbíodh na prátaí chun iad do chrapadh i rith an gheimhridh.
    Ní úsáidtear na prátaí chun stáirse do dhéanamh anois san gceanntar seo acht deintí stáirse asta fadó. Chun é do dhéanamh gheibhidís píosa stáin, chuiridís puill bheaga tríd le tairnge nú meanuith[e], chimilidís na prátaí i gcoinnibh na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupation
    Fear poist
    Address
    Na Millíní, Co. Chiarraí