Scoil: Leithead
- Suíomh:
- An Leithead, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leithead
- XML Leathanach 028
- XML “Scéal i dtaobh Cáit Ní Súilleabháin agus na Púcaí sa Cill Gharbháin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon oidhche bhí Cáit sa tig le'n a cairdibh. Bhí sé leath uair tar éis a th aondíeg a clog n uair a cúaidh sí acodhla. Bhí sí san taobh amuich don leabaig agus bhí triúir cailín eile inaonact léi. Ní raibh sí ibhfad ann núair a cúla sí cearc agus bhárdal ag déanamh fotharam san cistin. Tar éis cúpla nómataí thosnuig dha beirt ag caint ar bar an staire. Ní raibh aoinne na codhla ann mar bhíodar go léir san séomra agus ní raibh fhios aice cad a deanadh sí. Rug e greim ar an gcailín abhí san taobh istig di act bhí sí na codhla. Ansan do oscail an doras agus thainig beirt fhear isteach. Bhí solas ag ceann aca agus ní raibh aon rud ag an ceann eile. Bhí dhá leabaig san séomra agus bhí fear agus an bábog leanbh ins gcodhla sa ceann aca agus bhí Cáit agus na cailíní san ceann eile.
Cúaidh an púcaí agus an solas anon go dtí an leabaig in a raibh an leanbh. Thóg sé air, ansan do cuir se tar nais e arís. Núair a thánaig an fear eile isteach rug se ar na héadaigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní hUrdail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Súillibháin
- Inscne
- Baineann