Scoil: Leithead
- Suíomh:
- An Leithead, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leithead
- XML Leathanach 034
- XML “Scéal i dtaobh Fear a Fuair Bás agus Fear Eile”
- XML “Boxty”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt fhear ann fichead blíadhan ó thoin agus bhíodar ana cárdúil le na céile. Nuair abhí ceann aca ag fághail bháis dúbhairt sé leis an fear eile go dtagadh sé h thar nais dho arís. Bhí nós ag an bfear eile fanact amuich go déanac gach oidhche. Aon úair bhí sé ag teacht abhaile go th-ana dhéanac agus in aice aice drocad a phóca tá carraig ann, bhí an fear na suidhe ann. Thánaig scamhradh ar an bhfear abhí beó agus bhí an duine marbh ag gáireadh síos do. Cúaidh sé abhaile agus bhí sé breóite ar feadh sé mí. Núair a bhí sé go maith arís cúaidh sé go America agus níor thánaig sé abhaile in aon cur.
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní hUrdail
- Inscne
- Baineann
- Ar dtúís gheibhtear prátaí gan bheith beirithe. Ansan gheibhtear píosa stáin agus deintear alán poll ansan. Ansan cimileatar na prátaí air an dtaobh atá garbh. Núair abhíonn síád brúite súas cuirtear isteach agus bíosa éadaig íad cun an tuisce go léir do thógaint amach. Ansan gheibhtear measc agus cuirtear na prátaí brúite agus plúair ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)