Scoil: Leithead
- Suíomh:
- An Leithead, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leithead
- XML Leathanach 056
- XML “Scéal i dtaobh mo Sheanmháthair ag Teacht ó Thórramh”
- XML “Scéal Mo Sheanmháthar agus Cailín Eile sa Tórramh”
- XML “Scéal i dtaobh na Mná a Chonaic an Bheirt Fhear Marbh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)56Dul abaile. Mo sean máthair d'innis an scéal sin dom.Sígle Ní Galuigthe.
- Aon aoidhche chuaidh mo sheanmháthair go dtí tóramh le cailín eile. Bhí bean san tig ceadhna agus bíonn sí leis na bpúcaí. An oidhche sin bhí sé mór thimpeall a dódhéag a clog dubhairt an bean leis na daoine go léir a bhí san tig, go raibh na púcaí ag teacht isteach cun an tíghe chun paidir déanamh inaice an duine mharbh. Annsan chuala na daoine an raic go léir ag an doras. Chúaladar na daoine go léir ag teacht isteach agus ag siúbhal suas go dtí an duine marbh, acht ní rabhadar ábalta aon nídh d'fheiscint. Taréis tamaill chuaidh an bean i laige nuair a bhí an raic imighthe. Chuaidh na daoine go léir mór thimpeall uirthi agus thug siad deoch di. D'fhan na daoine go léir san tig an oidhche mar beadh eagla ortha dul abhaile. Mo athair d'innis an sgéal sin dom.
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Síghle Ní Ealuighthe
- Inscne
- Baineann