Scoil: Leithead
- Suíomh:
- An Leithead, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leithead
- XML Leathanach 065
- XML “Scéal i dtaobh na Brúiche”
- XML “Scéal i dtaobh Tí Púcaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)san áit san, agus go raibh dath buidhe air.
Mo shean-mháthair d'inis an sgeal sin dom.
Maigréad Ní Ealuigthe. - Núair abhí mo úncaill in Aimeirce, bhí sé a fanúint i dtig ar feadh seachtainne. An céad oidhche bhí fear eile 'na theanta. Núair chúadar go dtí an leabadh, bhíodar ann ar feadh tamaill, agus tímpeall a dhóigh-dhéág a chlog, do chualadar an glór mór thímpeall an seomra. Annsan do chúaladar an siubhal agus boscaí ag tuiteam. Bhí daoine ann ag cuir boscaí annsan agus annsúd. Tháínig eagla mór ar an mbeirt, agus d'fhan an fear abhí inaonacht le mo úncaill ach aon oidhche eile san dtig, agus san oidhche sin do chúaladar an glór céadhna. Do chúaidh sé annsan go dtí tig eile mar ní raibh sé ábalta feanuint sa tig sin. Annsan ní raibh aoinne na chodladh le mo úncaill, agus gach oidhche ní raibh sé ábalta dul a chodhladh leis an glór agus leis an siubhal mór thímpeall an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighréad Ní Ealuighthe
- Inscne
- Baineann