Scoil: Leithead
- Suíomh:
- An Leithead, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí príonnsa ag fiadhach úair amhain. Bhí sé ag dul treasna na gncocaibh agus thánaig sé go dorus a bhí ar thaobh an gcnoc. Bhí ionghnadh air mar gac lá do théigheadh sé féin chómh fada súas leis an áit a bhí sé anois agus ní fheaca sé aon dorus ríamh roimhe sin.Bhúail sé trí cnagair ar an dorus agus tháinig síofra amach. Bhí scúab in a laimh aici agus h-ata mór árd. D'fhíafruig sí don príónnsa cad é an gnó a bhí aige inaice a tíghe. D'fhíafruig seisean uairthe cad é an gnóa bhí aici in a thír féin. Dúbhairt sise leis dá dtagadhsé isteach go dtaisbeánfadh sí an gnó a thug ann í.Chúaidh an Príónnsa isteach. Do thóg an síofra é isteach i seomra dubh agus thaisbeán sí "scalps" dáóine ag crothadh ar an bhfalla dhó. Dúbhairt sí leis go dtainig sí 'n thig a bhí ar an taobh eile don chnoc, agus go dtáinig a lán fir i na treó agus go dtúbhair sí obair le deunamh do gac aoinne acu act gur theip ortha go léir é do dheanamh. Dúbhairt sí go dtubharfadh sí obair le déanamh do féin leis agus dá dteipeadh air é do dhéanamh go mbeadh a scailp i measc íad leis. An obair a thug sí leis abéad go mbeadh an t-úrlar scúbhtha aige núair a eireóchadh sí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máirín Ní Ghealbháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séan Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann