Scoil: Leithead
- Suíomh:
- An Leithead, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 086](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0464%2FCBES_0464_086.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 086
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leithead
- XML Leathanach 086
- XML “Scéal i dtaobh Fear a Chuaigh ar Meisce ag Teacht ó Aonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)act feóchadáin a bhí ag fás amuich san páirc. Bhí sé mar sin ar feadh cúpla mí.Aon lá chonnaic a bhean é ag dul fé dhéin an leasa agus do léin sí é. Chonnaic sí é ag dul isteach ann. Cúaidh sí isteach ann agus cúaidh sí i bfolach taobh istig de dhoruis abhí ann. Connaich sí a fear ceart ag siubhal ar an úrlar inaice léí. Cúaidh sí amach cuige. D'fhíafhruig sí air cad na' thaob nár thanaig sé abhaile. Dúbhairt sé go raibh "charm" ag coimeád é san lios. Agus mar bhfaghadh sé ól as gloine fuiscí a bhí á ndíol ins na tighthe tabhairní ar an mbaile mór ná behadh sé abálta teact as an lios ríamh. Dúbhairt a bhean go bfaghadh sí an fuiscí agus go dtúbharfadh sí do anocht é.Fúair sí an fuiscí agus chúaidh sí go dtí an lios leis. Thabhair sí dá a fear é. An neómat gur thug sí do é shiúbhail sé amach agus ní fheaca na púcaí é in aon-cor. Núair a bhí Seán agus a bhean ag dul a bhaile connacadar an fear a cuir na púcaí ag dul abhaile rómpa. Núair a thánadar abhaile bhí an fear ins an gcúinne. Tóg Seán in a bachlainn é, agus caith sé ins an teine é. D'imthig sé súas i gclúid deatach.
- Bailitheoir
- Máirín Ní Ghealbhain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Seaghdha
- Inscne
- Fireann