Scoil: Gleann na gCoileach (uimhir rolla 1583)
- Suíomh:
- Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann na gCoileach
- XML Leathanach 022
- XML “Ard na Sí - Caragh Lake”
- XML “Cluichí Oíche Shamhna”
- XML “Cluichí Oíche Shamhna”
- XML “Cluichí Oíche Shamhna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)22from Caragh Lake to Glencar.
- Imríghtear morán cluichthí Oidhche Shamhna mar atá dóghail na gcnódh, dall a púichín, sgapadh ubhail, léigheadh na luaid agus tumadh. Cuirtear dhá chnó comhngarach do'n teinnidh, agus ainm bhuachalla ar cheann díobh, agus ainm cailín ar an gceann eile, má fhanann an dhá chnó annsan go dtóghfar iad, beidh an bheirt dílis dhá chéile, ach má léimeann ceann díobh leis an dteas, beidh an té go bhfuil a (h)ainm ar an ghnó eile treighthe.
- Oidhche Shamhna bhíonn béile mór bídh, bairín breach, ubhla, cnóidhte, oráistí agus misleáin. Cuirtear fáinne, píosa adhmaid, píosa ceirt, agus béan agus lusphód. An té a gheibheann an fáinne deirtear go bpósfar go luath é. An té a gheibheann an píosa adhmaid deirtear nár fada a tréimhse sa t-saoghal seo. An té a gheibheann an píosa ceirt deirtear ná pósfar coidhche í nó é. An té a gheibheann an béan go mbeidh sé nó sí bocht go deire na sgríbe. An té a gheibheann an lusphód go mbeidh saidhbhreas aige nó aici go deire an tsaoghaoil.
- Chun dall a phúicín d'imirt chuirtear trí cupán ar an mbord. Bhionn cré i gceann díobh, uisge i gceann eile agus fáinne(leanann ar an chéad leathanach eile)