Scoil: Gleann na gCoileach (uimhir rolla 1583)
- Suíomh:
- Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fé an dtúghadh ag cheannach stuic. Ní bhíonn aon aonach ann anois i bpáirc an aonaig. Is isteach go dthí Cill-Orglan a tugtar na beidthig. San áit seo tá páirc speisialta ann le thaidhg aontaighe. Páirc an aonaig a tugtar air. Sé an t-sean-ainim a bhí ar an áít sin ná "an t-sean ubhall gort, nó the old orchard" mar do bhíodh crainn ubhall ag fás ann fadó. Íoctar tolls, nó paidhcí ar gach beidhtheach a díoltar, ach ní bhíónn an nós seo, ach ar ceithre aonaigh sa bhlian. I.E. an Patrún 2) 18adh mí na Bealtaine 3) Aonach an Phuic 4) 18adh mí na Samhna. Sé an ainim atá ag na daoine ar an aonach na Samhna ná Aonach na n-Inniún. Sé an fáth go nglaodhtar an Patrún ar an aonach sa 18adh mí na Feabhra ná, seo aonach do bhíodh thuas i gCill-Gobnatan fadó agus chuaidh sé ar ceal agus anois tá sé i gCill-Orglan. Sé an ainim a bhí ar Cill Gobnatan fadó ná an Pattern, nó ceapach. Íoctar na paidhcí go dthí Gearóid Ó Foghladha ó Anglónt Sé an an ainim atá ag na daoine air ná barún an aonaigh. Íocthar mar seo
4d ar gach muc a díóltar
1/= gach beidhtheach (aon bhlian)
1/3 gach beidhtheach (níos aosta)
6d gach laogh
1/6 gach capall
6d gach truachaill, na mbíónn rudaí á dhíol ann
1/2d gach galún bainne agus a lán nídhthe eile, tá paidhc curtha ortha. Tá siad le feicsint i gclár a bhíónn ag an barún ar gach bealach ag dul amach ó(leanann ar an chéad leathanach eile)