Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 179

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 179

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 179
  3. XML “An tAmadán Cliste”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    síos ann. Bhí gach aoinne ag ithe, ag cainnt, 's ag comhradh go subhailceach agus go geal - gháireach. Muiris chomh geal-ghaireach he h-aoinne. - spórt agus sult an domhain d'á bhaint aige as gach sgéal a bhíodh ar siúbhal.
    Núair a bhí gach aoinne dótanach d'eirig an ministir. Do stad an chainnt agus an gleó go h-obann, agus leis an gciúineas a bhí ann do b'féirir biorán a clos a' tuiteamh. "Tá t-ainm - se in áirde" ars' an ministir leis an sagart, dar leis "Le méid do chuid leíghinn agus do chuid eolais. Is chun tú a thriall i láthair na ndaoin' uaisle seo a thugas-sa annso indiu tú. Tá trí ceisteanna agam le chur ort, agus feicimís anois an cathair mar a tuairisc". do cuid foghlumtha. Gabhaim-se orm go mbeidh sé lean ort iad a freahgairt". "Amach leo," ars' an fear eile. "Cá bhfuil fód láir an domhain?" ars an ministir. "Féin' chois dheis," arsa Muiris. "Cianos a dheimhnigheann tú san dam?" ars' an ministir. "Tair -se agus tómhais ó thaobh, taobh an domhain go dtí mo chos dheas, agus cidhfir an bhfuil an cheart aga," arsa' Muiris. Níor b'fhuiriste do'n ministir san a dhéanamh, agus chuir an dara ceist - "An mó galún de sháile glan san bhfairrge?" "Níl ach naoi ngalún," arsa Muiris. "Cianos a chruithuigheann tú san dam?" ars' an ministir. "Tair agus stop gach abha agus shruthan d'á dteigeann san bhfarraige annsan tómhais an sáile, agus má féadann tú mise a bhreagnú, eirighim as an sgeal" arsa Muiris. Thógfadh san tamall ó'n ministir agus níor bhac sé leis - bhí a malairt de chiall aige. Amach leis an dtríomhadh ceist - "Cad is dóigh leat-sa nách dóigh liom-sa?" "Is dóigh leat-sa gurab é an sagart ata agat, ach ní hé ach an t-amadan de dhriatáir de," arsa Muiris.
    Níor fhan focal ag an ministir. Do shleamhnaigh Muiris amach agus thug a bóthar air abhaile. Do b-áthasach a bhí an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0922: The Shepherd Substituting for the Priest Answers the King's Questions
    Teanga
    Gaeilge