Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sliabh Each - is ionainn é sin agus talamh clochach.
Fadó do roinneadh an talamh i gcodanna beaga agus gach aoinne go mbeadh capall aige gheobhadh sé a chuid chun é do chothú. Ar an áit sin bhí monarcha móna in allóid. Gheibhtí an mhóin ó'n bportach agus ins an mionarchain do cuirtí cuma bríce ar gach fód agus bhí na tomhaiseanna so ar gach bríc - trí fé trí fé naoi órlaí cúibacha.Ar gach fód bhí "Sliabh Each Peat Work" sgríte. D'onnmhuirightear a lán de go Sasana. Bhí tuistiún le fághail gach lá as an obair. Bhí an déantús so ar siubhal ar feadh bliana.Sa deire cheap fear feadhna éigin go raibh dream áirighthe daoine ag éirighe ró-shaidhbir ins an deántús so is sé rud a dhein sé ná an monarcha do dóghadh. Theastuigh uaidh freisin go bhfaghadh sé obair á dtógáil airís. Bhí sé leagaithe anois go dtí an talamh le seachtmhadh bliadhna. Deireann seanchaidhthe gurb amhlaidh a leag an sluagh sidhe é mar gur tógadh na clocha ó "Lios". Tá sé tógtha suas airís le cloch aoil, clocha agus moirtéir. Fuaireadar na clocha o'n ndúthaigh mór timcheall agus an slinn ó Oileán Dairbhre. Tá cuma driannuilleoíge ar a bhun agus tagann sé go poinnte ar a bhárr.Tá falla árd mór thimhcheall air. Inaice na mionarchan tá fothrach sean thighe. Deirtear go raibh gabha ina comhnuidhe annsan fadó. Bhí an cheárdchan láimh leis mar dá mbrisfí an t-ineall bheadh an gabha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Conchubhar
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Com Iagó Thoir, Co. Chiarraí