Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)am úd - cúig sgillinge déág an chéad - fé mar a dheárfadh na sean-mná leat.Deireann na sean-daoine gur leag a dtuismightheóirí radharch a súl ar mac na Bannríoghna, an Bannríoghan Victoria, i gCathair Saidhbhín fadó. Isteach go Dairbhre a bhí sé ag dul. Ar carraístde a bhí ag Éamonn Mac Gearailt, ó Cathair Saidhbhín, a théigeadh na daoine a bhí ag dul go dtí America, mar ní raibh aon traen ag teacht cómh fada le Cathair Saidbhín an am úd.Théigeadh buachaillí ag siubhal ó'n gceann thoir de'n sráid go dtí an ceann thiar Lá 'le Stíopaín, agus mála mór lán de de lathaigh aca agus aoinne na tabharfad pigin dóibh gheibheadh sé buille de'n mhala treasna na súl.