Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cómhartha iseadh é go dtabharfaidh an bás cuaird ar an dtig. Má bhíonn dhá ceann de bóth-fearthainne istig i mbaile deritear gur cómhartha an-shiúrálta de’n bháis é. Bíonn cómharthaí an bháis roimh gach dream daoinne. Tagann an solas roimh bás muinntir Shíorcháin. Cídhtear an solas sin i dtalamh an duine a bheadh i mbeál an bhais. Cloistear an gol roimh bás mhuinntir Shúilleabháin, agus roimh bás mhuinntir Churráin. Bíonn na chómharthaí ann cúpla lá nó mar sin roimh bás an dune. Cloisear an ceól leis roimh bás dream aírighte.
Deireann na seanoírí go dtagann a ghaolta féin i gcoinnibh duine agus é ar bhóthar na síoraidheachta. Tagann na leanbhaí óga i gcoinnibh a dtuismightheoírí, aug coinnle ar lasadh aca, do réir na sean daoine. Bhí sagart ann fadó, agus bhíodh sé i gcómhnuidhe ag rádh Aifrinntí d’á athaira bhí marbh. Do thaisbeán an t-athair é féin do uair éigin, agus d’fhiafruigh an sagart de an raibh aon mhaitheas ins na h-Aifrinntí a bhí a rádh aige dó. Dubhairt sé go raibh agus mór-chuid acht go mbfhearr dó an beirt leanbh a chaill sé fadó.
Nuair a bheadh i ndiaidh báis, deirtear gur cheart do dhuine an deoch, nó fuighleach an dighe a bhí ag an duine breoidhte, do chaitheamh soir, i slighe is go mbeadh micrirí ífrinn á alpadh, agus dá dheascaibh sin caoi a thabhairt do’n anam chun glanadh leis.
Tá sgéal ann i dtaobh an bháis. Lá éigin do cainntigh an bás fear ar an dtráigh, agus dúbhairt sé go(leanann ar an chéad leathanach eile)