Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)deireannaighe a curtar ann. Acht nuair a thagann duine eile isteach ann, go dtógann sé suas an obair agus mar sin de. Tá na nósanna so ann fós, acht amháin ná fuil na mná caointe le fághail. Tá mórán sgéalta ag na sean daoine i dtaobh sochraidí a chídís ag gabháil tré cnuic agus carraigeacha ag na púcaí. Deirtear gur tógadh corp a cuireadh i nGleann Beithe, agus gur cuireadh i dteampall na Dromaide é i rith na h-oidhche. Do chonnaic fear ó litir le h-ais Cathair Saidhbhín, sochraid ag gabháil tré chnoc agus treasna abha Íne agus as súd go paróiste Chathair Dhomhnaill. Do deineadh mairtíneach de'n fhear úd.Tá sgéal eile ann i dtaobh banaltra a bhí ag tabhairt aire do mhnaoi breóidhte i gCathair Saidhbhín. D'fhéach sé amach tríd an bhfuinneóig am éigin san oidhche agus chonnaic sí beirt fhear agus comhra a leigint anuas ar an sráíd taobh amuigh de'n dtigh aca. Bhí sluagh mór mór-timcheall ortha, agus direach agus iad ag leigint an comhra ar an dtalamh do sgread bean san sluagh agus dubhairt sí "A Mhíchíl Uí Shíothcháin ná dein do sgrios." Ní raibh a thuille ann mar nuair d'fhéach an bhanaltra amach airís ní raibh cómhra ná duine le fághail. Do buaileadh caoch í an oidhche céadna, agus do cailleadh an bhean bhreóidhte an lá i-n a dhiaidh sin. Seo píosa amhráin i dtaobh mná gur bfhada leí agus a bhí a fear i-n-a bheatáidh:-(leanann ar an chéad leathanach eile)