Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 249
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Deireann na sean daoine go ndeintear fíon de'n uisge ar an dá uair déag Oidhche Nodlag.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Cad iad na trí rudaí gan mhaith gan tairbhe?Freagra:- Grágarlach circe, tomhach muice, agus cainnt ban.
Cad iad na trí rudaí go mbíonn an imtheacht is mó futha?Freagra:- Bean Domhnaigh, capall Samhraidh, nó bó aonaigh.(gan teideal)
“Sí an bhean a dhein an chéad easaontas riamh.”
Sí an bhean a dhein an chéad easaontas riamh. Do theip ar an ndiabhal é sin do dhéanamh, agus d'iarr sé ar an mnaoi é do dhéanamh agus do dhein sí é, agus dá dheascaibh sin deirtear gur bhuaidh an bhean ar an ndiabhal. Mar seo a thuit amach:- Bhí lánamha ann i dtosach an tsaoghail, agus bhíodar an cheanamhail ar fad a chéile. Bhí éad ag an ndiabhal leó, agus dhein sé a dhicheall chun easaontas do chur eatortha. Do bhain sé feidhm as gach slighe chun san do dheánamh, acht do theip air. Annsan do chuaidh sé fé dhéin Pisín, an bhean do dhein an toirmisg, agus dubhairt sé gor ndéanfadh sí feín an gnó a bhí uaidh. Do chuaidh sí annsan fé dhéin an lánamhana. Do bhí an fear ag obair amuigh, agus do bhí a bhean ag déanamh a gnótha ar fuaid an tighe.(leanann ar an chéad leathanach eile)