Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 271

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 271

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 271
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí buachaill i mBarra na hÍne i n-oirthear pharóiste an Dromais uair, agus thagadh fear roimhe ar an mbóthar gach oidhche agus é ag teacht abhaile ó thigh na cómharsan.

    Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. (gan teideal)

    Bhí fear ann uair agus chuaidh sé féin agus a dhriotháir ag lorg an chapaill.

    Bhí fear ann uair agus chuaidh sé féin agus a dhriotháir ag lorg an chapaill. Bhí fothrach ins an bhfeirm go h-áirighthe agus dubhairt sé le n-a dhriotháir gabhailt ar an dtaobh seo shíos féachaint an bfheicfeadh sé an capall, agus go raghadh sé féin ar an dtaobh eile síos. Ar a gabháilt síos dhó, connaic sé an bhean agus í suidhte isteach cois na falla. Bhí píce in a láimh aige, agus thug sé soinnse de'n phíce chúiche, acht is amhlaidh a dhruid sí é féin isteach le h-ais an fhalla. Bhí san go maith agus bhí sé ag cur prátaí lá Earraigh, agus thuit a codhladh air. Bhí páirtidhe buachalla aige a bhí tar-éis bháis, agus tháinig buachalla sé chuige sa codhladh, agus dubhairt sé. "Éirig as san, mar tá an bhean gur tugais soinnse de'n phíce chúiche ag teacht féd dhéin ar thosach an tsluaigh agus má bheireann sí ort taoi'n tú marbh aice". Thug sé fé éigighe acht do leagadh é. Bhain sé triall as an tarna uair, agus leagadh é. Ar chómhlainn a beireadh abhaile é. Ní raobh aon mhaith air, annsan ar feadh a shaoghail, ach gach galar ag baint triall as.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.