Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Baineadh na feirmeóií fadó móin na bliadhna in aon lá amháin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Tháinig bean ó'n gcathair oidhche agus d'fhiafruig sí d'á inghean ar thug sí aon biadh dos na mucaibh i gcaitheamh an lae. Dubhairt sí nár thug; níor mar a chéile solus inshníomh na beirte. Do gaibh an máthair amach leis an mbiadh, agus bhí an oidhche leath-críonna fé'n am so. Ní raibh aon solus aice agus nuair a bhí a gcuidh caithte ag na mucaibh, do thosnuig sí ag gabháilt amach. Bhí sí síos suas ar fuaid an t-seomra ar feadh i bhfad agus déin sí amach an doras ar deire. Ní raibh puinn le spáráilt aici maidir le misneacht. Bhain sí amach an leabaidh go h-áirighthe agus Níorbh fhada ann í nuair a chonnaic sí na soillse guirme ar fuaid an tseomra. Bhíodar ar lasadh ar feadh abhfad agus nuair a chuadar in éag, bhrait sí an tinneas mór ar a ordóig. Ní raibh leigheas an tinnis le fagháil agus chaill sí an méar.