Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 289

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 289

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 289
  3. XML “Seancheirdeanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhfuirm béil chiseáin. Ansan tosnuightí ar na tuigeanna is laige do sníomhadh idir na tuigeanna ata 'na seasamh go dtí go mbíonn tímcheall naoi n-órlaighe deánta. Ansan caithtí puill na "dtaisí" d'fágaint ann agus bhíodh ceard fé leith in a ndéanamh san. Ceard a ghabhann le déanamh ciseáin iseadh déanamh na mbirdeó nó na sgiathóg. 'Sé rud an birdeóg ná sórt méise déanta de tuigeanna. Usáidtear é chun na bprátaí do sgagad agus táid an-áiseamhail chun móna dho thabhairt isteach cun na teineadh. Ins na h-áiteanna cois fairrge úsáidtí saghas brígeóíge le h-iascaireacht. An birdeó spiléir a tugtaí uirthi. Bhí mar a bheadh ceann amháin bainte de sé sin go raibh déanamh sgéithe uirthi. Bhíodh sórt fráma admaid ag dul leis seo agus crochtaí an dorugha ar an bhfráma seo ar a dtugtaí an spiléar, agus bhíodh dubháin ar an dorugha sin. Ní gach aon fhear a bhí ealadhanta a dhóíthín chun "spiléir do crocadh" agus an birdeó a chur i bhfearas chun gnótha. Níor mhór do dhuine bheith go h-aicillidhe agus taithíghe a bheith aige san obair. Deintí "sopacáín" clúdaighe i gcóír cinn na ngamhan óga a bhíodh ag ithe sopaca féír as na tuigeanna leis.
    Fadó nuair a bhíodh solus ag teastáil ó dhaoine b'shin an uair ná raibh an eilbhéis ná an íle ná an gas aca, is amhlaidh a bhristí leadhb-giúise de bhloc mhór leis an dtuagh agus braon de geir do caitheamh air teine do chuir leis is e do sháithead i bpoll an iarta agus deirtear linn gur breagh ar fad an solas do thugadh sé uaidh. Níos déanaighe ná san airís geibhtí solus ós na coinnle a deintí ag geir leaghtha na gcaorach. 'S amhlaidh do cuirtí an mhúnla - b'shin mólda stáin agus déanamh an coinnill air 'na seasamh i bhfód móna. Geibhtí dorn de's na geitrí glasa ansan agus baintí an croiceann díobh agus cuirtí an rud bán istigh mar buaiceas ins na coinnle
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge