Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag fágáil an lámh uachtar ar na buachaillí bána, ar a shon go raibh eagla uirthe,agus níor dhein sí ach breith ar an gcoinill, agus é (?) síos i n-uisce na gcos, ach sa deire , do múchadh an coineall annsan.Do ghlaodhaig Bríghde ar mhuinnir an tíghe go léir, agus nuair a d'éirigh fear a ' tíghe, dóbair go dtuitfeadh sé nuair a chonaic sé na cuirp go léir. " A Mhuire, A Bhríghde ar seisean, cad a mhairbh na fir. Do mharbhuigheas -sa féin iad ar sise, agus ná bíodh aon milleán agat orm mar gheall air. Annsan d'innis sí an scéal go léir d'fhear a ' tíghe ó thúis go deire, agus d'imthigh seisean go tapaidh ad iarraidh na Gárdaí., agus do bheireadh ar an mbeithiúnach. Do leog air bheith 'na sheanabhean, agus do crocadh go luath 'na dhiaidh san é. Annsan, do cuireadh na cuirp go léir, agus do choiméad fear a' tíghe Bríghde agus Máire, agus do mhaireadar go compórdach, agus go lán -tsásta ina theannta an cuid eile dá saoghal.
- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheal Mac an Roigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí