School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag fágáil an lámh uachtar ar na buachaillí bána, ar a shon go raibh eagla uirthe,agus níor dhein sí ach breith ar an gcoinill, agus é (?) síos i n-uisce na gcos, ach sa deire , do múchadh an coineall annsan.Do ghlaodhaig Bríghde ar mhuinnir an tíghe go léir, agus nuair a d'éirigh fear a ' tíghe, dóbair go dtuitfeadh sé nuair a chonaic sé na cuirp go léir. " A Mhuire, A Bhríghde ar seisean, cad a mhairbh na fir. Do mharbhuigheas -sa féin iad ar sise, agus ná bíodh aon milleán agat orm mar gheall air. Annsan d'innis sí an scéal go léir d'fhear a ' tíghe ó thúis go deire, agus d'imthigh seisean go tapaidh ad iarraidh na Gárdaí., agus do bheireadh ar an mbeithiúnach. Do leog air bheith 'na sheanabhean, agus do crocadh go luath 'na dhiaidh san é. Annsan, do cuireadh na cuirp go léir, agus do choiméad fear a' tíghe Bríghde agus Máire, agus do mhaireadar go compórdach, agus go lán -tsásta ina theannta an cuid eile dá saoghal.
- Collector
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheal Mac an Roigh
- Gender
- Male
- Age
- 66
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry