Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán P. Ó Súilliobháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí táilúr thiar i mBólas fadó tímcheall dhá chéad bliadhain ó shoin, dárbh ainm do Dómhnall Dé Búrca. Dranncaerín do beadh é. Dá bhfaigheadh sé pinginn fé cloich, is ag ól a raghadh sé leis. Bhí drifú do i gCalfórnia agus chuir sí fios air. Chuaidh sé anoon chúiche, agus do bé an scéal céadhna thall aige é. Chómh luath is a thuillfheadh sé pinginn is ag ól a raghadh sé. Thug sé Domhnach ag ól, agus nuair a bhí sé ag dul abhaile ist óidhche, suidh sé air thaobh an bhóthair, agus thuit a codhladh air. Na fir a bhí ag dul ag obair ins na mianaig ar maidin Dé Luain, bhuail sé leó sínte ar thaobh an bhóthair, agus é na chodhladh. Thógadar leó é agus thugadar leó isteach sa mhianach é. Nuair a dhúisig sé ar maidin, chonnaic sé na saoilse go léir ar lasadh. Diarraidh sé díobh cá raibh sé nó cad é an sórt áite é seo. Dúbradar lies gur bé seo ifteann Thugadar biadh agus deoch do ahus cinnúígheadar ar fead seachtmhaine é, go dtí tráthnóna Dé Sathairn. Annsan thugadar braon le n-ól do, agus braon san mbreis. Nuair a bhí sé ar meisge aca, thógadar leó é agus chuireadar ar taobh an bhóthair é san áit(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Mac Crothán
- Seoladh
- Cill Urlaí, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Criothain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cill Urlaí, Co. Chiarraí