Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán P. Ó Súilliobháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí Eoghan Ruadh na garsún chuaidh sé mar a theigheadh a lán ógánach eile go mbhiodh aon tsuim acu i léigheann na scoláire ag triall ar fhile éigin d'fhionn is go gcúirfeadh sé aithne ar ealadhain agus dlitighbh na suad. Lá dhá raibh an file ag suidhe chun búird na seomra dubhairt sé le h-Eoghan dul agus cearc bhruithte a bhí i gcorcán cois na teine a thabhairt chuige. Chuaidh an garsún fé dhéin an chorcán ach is amhlaidh a bhí an cearc greamaithe ar chois ag fear agus é ag imtheacht an dorus amach léi. Bhí sé ag briseadh a chroidhe ag gáirídhe fe an mbeirt a bhí imeartha aige ar an bfile. Tháinig an buachaill thar n-ais agus do suidh ag an mbórd arís agus níor fhan focal aige. Do labhair an file leis agus dubhairt a bhuachaill mhaith andeas thar Dún na Slógh. Cad fá dhuit stad no cad is cás do d' chúthaileacht bóird. An milleadh ban do bhaint díot féin do ghlór. Nó an é cailliúint beathadh tathar fáth do bhróin. Do fhreagain Eoghan agus dubhairt ní milleadh ban do bhain. Díom féin mo glór. Is ní h-é cailliúnt beathadh m'athar fáth mo bhróin. Ach mo chreach í an chearc ba(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Daithí Ó Barra
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí