Scoil: Imleach Droighneach (uimhir rolla 14085)
- Suíomh:
- Imleach Draighneach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Imleach Droighneach
- XML Leathanach 280
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Fadó Fadó téigeadh buachaillí óga na h-áite seo go dtí Luimneach agus áiteanna mar sin ag tuilleamh a mbeatha.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Chonnaic an feirmeoir é '' nác moch deirighis'' ar seisean. ''Deirigheas'' arsa Diarmuid ''Ní le h-aon fonn guidhe deirigeas sé gnó''. ''Imtig abhaile más maith leat ach nil aon baoghal go raghaidh Seamus leo chois taréis mo chuid trioblóide. Dá raghadh Seamus amach féhn bfuacht. Gheobhadh ? sé an fuacht tar nais agus binn ? é an fuacht ba mheasa. Ac a Dhiarmuid fan seachtmhain agus ní bheidh aon bhaoghal, Dhíol ar do bhórd agus beidh Seamus ag dul abhaile leat''. Dfan Diarmuid aige agus taréis cúpla lá. Shiúbhal sé tríd an fheirm. Ar gabhailt an t-slighe do thug sé fé ndeara botháhn cinn tuighe i gcúinne páirce. Bhuail sé isteach. Bhí lamhna aosta istigh. Do labhair an fear críonna leis
'' An misde fhiafhruighe dhíot cár sheolais chúgainn
''Is misde go maith'' arsa Diarmuid. '' ''An tar ó iarthar na h-Eireann thú''. Táim tamahll maith siar uaidh'' arsa Diarmuid. ''An fada ó Mhainistir Mhichíl tu'' ''Táim giorracht míle slighe de'' ''An fada ó Cineárd thiar thú'' ''Tá sé thar an baile is giorra dhom'' arsa Dhiarmuid.''Bhíos annsan aréir'' ar seisean '' A Dhia láidir'' arsa Diarmuid ''Cad a bhéarfhadh tusa go gCineárd thiar arér'' Bhios fé cois an sluagh aerach? ann oidrraidh? banaltra agus baineadh díom í.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nell Ní Fhianactha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Ceann Eich, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Sean Mháirtin Ó Súilliobháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An tImleach Mór, Co. Chiarraí