Scoil: Imleach Droighneach (uimhir rolla 14085)

Suíomh:
Imleach Draighneach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 324

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 324

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Imleach Droighneach
  2. XML Leathanach 324
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí fear na chómhnaidhe ar an nDoirín fadó agus bhí sé leis na púcaí.

    Bhí fear na chómhnaidhe ar an nDoirín fadó agus bhí sé leis na púcaí. Bhíodh fhios aige gach rud a bhíodh ar siubhal acu. Is mó oidhche a chuiridís mílte as an slíghe é.
    Oidhche mar seo bhí sé istig na leabaig ar am mhairbh na hoidhce agus chualaidh sé na ba amuigh agus na h aon sgreadh uathbasach aca. Seadh go h-airighthe d'eirig sé agus chuaidh sé amach ach má chuaidh ní raibh faic ar na buaibh. Nuair a tháinig sé isteach chualaidh sé an sgreadaig ceadhna. Ansan dubhairt se gur cuma leis cad a dheanfaidís le na chéile ná racadh sé féin amach airís. Is amlaidh a bhí na pucaí ag deanamh amadáin de.
    Oidhche eile bhí sé ag dul go dtí áit éigin agus bhí fear eile na theannta agus na n-aon coiscéim a thabharfadh sé thuiteadh sé. Níor stad sé ach mar sin go dtí gur shois sé an áit na raibh sé ag dul. Ná pucaí a bhí á leagadh na h-aon nóimeat.
    Oidhche eile bhí sé ag teacht abhaile le dhá cliabh móna ón bportach. Go h-airighthe chuireadar amú é agus níor stad sé riamh ná coidhche go dtí gur shrois sé mainistir Mhichil i mBaile na Sgealg. Ansan bhí fhios aige cá raibh sé. As san amach ní raibh aon mhaith ann agus tar éis tamaill bheir na púcai leó ar fad é. Is mó duine a connaic é tar éis bháis do agus é cois an sluagh aerach. Na daoine go raibh ana
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An tImleach Mór, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Tomas Ó Séaghdha
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An tImleach Mór, Co. Chiarraí