Scoil: Imleach Droighneach (uimhir rolla 14085)

Suíomh:
Imleach Draighneach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 332

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 332

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Imleach Droighneach
  2. XML Leathanach 332
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí bean fadó ann ag sníomh lín a bhíod sí agus d'fhanad sí ana dhéanac suas na h-aon oidhche.

    Bhí bean fadó ann ag sníomh lín a bhíod sí agus d'fhanad sí ana dhéanac suas na h-aon oidhche. Oidhche mar seo d'fhan sí sa chistin ag sníomh. Tímceall an dá uair déag bhuail bean isteach chuiche "Is déanach a tán tú suas ag sníomh" ar sise léi "tabhair cuid den lán sin dómhsa agus sníomhfadh duith é" ar sise.
    Dubhairt sí léi ansan gur gearr go mbeadh sí cúichi airís agus nuair a thiocfadh sí cuice airís leis an snáth sníomhtha go gcaitfeadh sí a h-ainm do bheit aice di nú go mbéurfhad sí í féin léi, ceann eigin aca.
    Go h-áruighthe ní raibh an bhean aosda istigh leí féin nuair ná fheadar sí cé'n ainmh abhí ar an mnaoi stróinséara bhín garsún ón áit céudna ag oidhreacht ba inaice ag sníom fen lios agus í ag rád léi féin. "Da mbeadh fhios ag bean an lín gur giurlaig - geurlaig mo ainm - sé is breágh dho codhlocadh sí an oidce" Tháinig sé abhaile agus d'innis sé do bhean an lín chonus mar a chualaidh sé bean ag amhrán agus gur b'é sin an t-amrán abhí aice.
    Nuair a tháinig sí cuice thar nais agus an lín sníomuighthe ar sise léi. "Dia bheatasa ar id t-sláinte a Giurlaig Géurlaig. Ó go mairirse slán a shíntear dutal" arsan bhean eile léi agus diompaigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0500: The Name of the Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nell Ní Shiochfhradha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceann Eich, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Mícheal Aosta Ó Conaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    Os cionn 70
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Meall na hÓn, Co. Chiarraí