Scoil: Imleach Droighneach (uimhir rolla 14085)

Suíomh:
Imleach Draighneach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 306

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 306

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Imleach Droighneach
  2. XML Leathanach 306
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí fear ann fadó gur b'ainm do Seán Ó Calaighe.

    .....Bhí sé na chómhnuidhe i gCiarraidhe ar bruach na Sionainne. Ní raibh aige ach an t-aon inghean amháin agus phós sí fear i gConntae Chláir.
    Nuair a bhí an chéad mac aca tháinig a cliadhain fé dhéin Sheáin. Bhí an oiread san athais ar Sheán, nuair a chuala sé an sgeul maith níor chuaidh sé abhaile in aon chor cun a chuid eadaig Domhnaigh a chuir air. Ach do caith sé an t-seana chasóg stracatha a bhí air de ar bruach na h-abhann agus léim sé isteach sa bhá.
    Níor stadadar riamh ná coidhche gur bhaineadar amach tigh na h-inghine. D'fhan sé ann trí nó ceathar míosa ag éisteacht le na h-inghean. Níor bhraith sé an aimsear ag imtheacht.
    Bhí iongnadh ortha go léir ná raibh Seán ag teacht abhaile agus chuadar á chuardach. Fuaireadh an t-seana chasóg ar bruach na h-abhann agus dubhairt na cómharsain go léir gur b'amhlaidh a bádhadh é. Do phós a bhean an bhuachaill aimsire a bhí aici annsan. Ní raibh aon airgead aca le tabhairt don sagart ach an mhuch ramhar.
    Tamall na dhiaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1792A: The Priest's Pig
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nell Ní Gailbheáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceann Eich, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán O Gailbhéain
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceann Eich, Co. Chiarraí