Scoil: Imleach Droighneach (uimhir rolla 14085)
- Suíomh:
- Imleach Draighneach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Imleach Droighneach
- XML Leathanach 327
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ann fadó agus sé an áit a bhí sé na cómhnaidhe ná in Acort sa Ghleann.”
(ar lean ón leathanach roimhe)le fánaidh d'feuch an bhó timcheall uithre. Chonnaich sí an bainne go léir ag imeacht. Níor dhein sí aon nídh acht trí ghéim a bhaint aisti. D'iompuig sí ar Achorc agus as san siar go Caladh an bháid agus an bágh amach léi.Annsan do bhí Seán go brónach. "Tá mo chuid fuisgí tuillte go maith agam. Tá mo bhó bhreágh bailighe léi". "Thuille tubaiste chugat" arsa Máire " Ní raib bac ort í a stopadh.Tímcheall cómhrach lae is oidhche do bhuail bean siubhail isteach agus d'iarr sí loísdín na h-oidhche. Dubhairt Seán " Geobhair as Fáilte" Do bhíodar ag cainnt agus do tharraingeadar anuas an bhó. " A Sheáin" ar sise,"Dá má leatsa gan beith id t-amadán beithfá id fhear saidhbhir indhiu agus an fhaid a beidh Acorc na hAchorc ní cidhfeadh tú an bó san go deo airís(gan teideal)
“Bhí figdeóir i Muinge Dhúda gur b'ainm do Sean na Muinge agus ní raibh aoinne na theannta.”
Bhí figdeóir i Muinge Dhúda gur b'ainm do Seán na Muinge agus ní raibh aoinne na theannta. Do bhí fear eile imBealach na gCul gur b'ainm do Dómhnaill na gCúl. Do bhí aon ingean amháin aige. Dubairt Seán go raghadh sé siar is go ndeanfhad se cleamhnas léi. Seadh bhailigh sé leis agus dheineadar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Noel Ní Siocfradha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Ceann Eich, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Fionán O Giarán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 70