School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 103
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tré na céile is do léim sé amach as an leabaidh agus do cuir sé ar a cuid éudaig. D'imtig sé á triail ar an dTráig in a raibh an bád. Do cuir sé an bád ar a drom is do tug sé leis abaile i go ceann na tíge.Nuair a eirig a athair ar maidin do bhí iongnadh air nuair a conaich se an bád igceann na tíge is do cuaidh ainm Concubar mór timpall na hÉireann le na neart. Do cuireadh dubhslán air ó ioctar na hÉireann le Sasanach ana mór le rád a bhí ag marachtaint ann. Do bí fear boct igCo Corcaighe is d'iarfhaidh sé do Concubhar a raghadh sé leis an Sasanach agus é togáilt suas. Do cuir an fear bocht so geall mór síos ar Concubhar. Dubairth an sprealldhra Sasanach go raibh fear aighe fhéin níos treise. Do bhí an fear a tóg an geall ana bocht is do bhí ana muingin aige as Concubhar. Nuair a bhí an lá cun troda déanta amach achu, do glaoidh an fear bocht ar Concubhar cun troda is do cuaidh sé len na cois. Cuaidh Concubhar agus an fear a bi na coinnibh isteach sa bfáinne. Nuair a bhí an tamh suas ins an fáinne is nuair a dubartas leo dul in achrainn dá céile do rugh an beirth ar a céile is do chuadar in acrainn dá céile. Do bhíodhar a strachad is a stoladh a céile. Do bhí an lámh uachtar dul ar Concubhar. Do bíodhar tamall mór ag strachad is ag stoladh a céile. Nuair a dubhairth bean an fir bocht "faire a Concubhar na creac sinn."(continues on next page)
- Collector
- Caitlín de Búrca
- Gender
- Female
- Informant
- Padraig Ó Drisceóil
- Gender
- Male
- Age
- 47
- Address
- An tArdghort, Co. Chorcaí