Scoil: Inis Arcáin, Dún na Séad (uimhir rolla 14065)
- Suíomh:
- Dhá Ghníomh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Risteárd Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Arcáin, Dún na Séad
- XML Leathanach 173
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)solais beidh droch aimsear againn.
9: Nuair a bhíonn carraigeacha Oileán na Draighnigh ag briseadh comhartha gaoithe aniar adthuaidh is eadh é.
10: Briseann Tráigh Eoin Mhóir nuair a bheidh gaoth aniar againn.
11: Nuair a bhíonn spéir dearg ar maidin beidh báisteach agus gaoth againn, ach nuair a bhíonn sí dearg san tráthnóna beidh aimsear breágh againn.
12: Dá bhfeictheá na gaethe soluis ón tigh soluis atá ar Carraig Aonrach (Fastnet) ós cionn inis Cléire suas sa spéir beidh báisteach againn. - Scéal 1:
Sa bhliain naoi gcéad déag is a seacht déag bhí long (Alondra) ag dul ó Spáinn go Sasana agus bhí lasta mór aici. Bhí sí ag dul thar Oileán Dubhlainn (Kedge Rocks). Bhuail si i gcoinnibh carraige ann agus d'fhan sí ann ar feadh sé seachtmhain. Chuir amach fuireann an Alondra bád beag agus chuaidh ochtar acu isteach ann. Nuair a bhí siad ag dul fé dhéin an Oileáin Dubhlainn (Kedge Rocks) d'iompuigheadh an bád. Báthadh a raibh istigh ann(leanann ar an chéad leathanach eile)