Scoil: Meall an tSrutháin (uimhir rolla 2117)
- Suíomh:
- Meall an tSrutháin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dll. Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá an scoil suidhthe i Meall a't-Srutháin, baile fearainn atá 4 1/2 míle ar an dtaobh shoir de Sgibrín. Ó'n gcuma atá ar an áit sé sin ó'n meall nó an cnochán cruinn íseal atá ann agus ó sruthán atá ag rith tríd an áit do baisteadh an ainm sin ar an mbaile. Tá Meall a' t-Srutháin i bparoiste Léim Uí Dhonobháin agus i mbarúntacht Lár-Cáirbre.
Ocht dtighthe agus tig na scoile agus Uachtarlann Comhlacht Chorcaighe agus Chiarraighe atá ann fé láthair agus slinn atá mar díon ortha go léir agus tighthe dhá stórai iad go léir.
Do bhí trí tighthe eile ann ar a laighead 40 bliain ó shin. Tá cúigear san mbaile ós cionn 70 bliain. Níl ach aon fhear amháin gur féidir leis Gaoluinn a labhairt sé sin Pádraig de Búrca. Ó Donabháin an ainm is coitcheannta san mbaile.
Tá dhá portach i Meall a' t-Srutháin agus a phortach féin ag gach fheirmeóir. Ochtmhar bfheirmeóirí Deíríochta atá ann. Tá cuid de'n talamh ann cuibhseach maith le h-aghaidh cuireadóireachta.
Do tógadh agus d'osgladh Scoil Náisiúnta Meall a' t-Srutháin sa bhliain 1840, 97 mblianta ó shin. Tá lios i gcuid talmhan Phádraig de Búrca.- Bailitheoir
- Pádraig de Búrca
- Inscne
- Fireann