Scoil: Meall an tSrutháin (uimhir rolla 2117)
- Suíomh:
- Meall an tSrutháin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dll. Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Meall an tSrutháin
- XML Leathanach 072
- XML “Na Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gceann ab fhearr ortha. Do bhí bean ina cómhnuidhe i Sciobairín. Bean Ní Harrington a b'eadh í agus do chaith sí sé mí sa leabaidh le pian na cnámha agus do bhí dochtúirí ó gach pháirt a triall go bh'fheadadh siad aon rud a dheanamh dí ach ní raibh aon mhaith ann. Do bhí a fear agus a mac ina máighistirí sgoile agus do bhíodar a múineadh an tráth úd. Harrington an sloinne do bhí ortha. Do bhí siopa grosaeracht aca agus do bhí Tomás Ó Caoibh an fígheadóir istig ann Dia Satharn. Do bhí sé a cainnt le na fear agus do chuala sé an slighe ina raibh sí agus nuair a bhí sé ag dul abhaile do cheannuig sé luach dhá phingin do shaghas éigin stuiff idtig an dochtúra agus nuair a tháinig sé abhaile do chuaid sé a bhaint macantáhow.
Do fuair sé na Macantáhow tamall síos ó thig Sheáin Uí Challacháin, Meall a' t-Srutháin agus do thug sé abhaile leis iad agus do dhein sé an stuiff. Ní dubhairt sé le h-aoinne cionus a dhein sé é ach is chun a chuir tríd an Macantahow a bhí luach an dhá phingin den stuiff. Do bhí an stuiff déanta aige i gcóír an Domnaig a bhí ag teacht agus do thug sé shiar leis é agus an coighicheas ina dhiaidh do bhí sí chómh breágh agus chómh geal agus chómh dathamaail agus bhí sí riamh. Do fuair Tomás deich sgillinge i gcóir a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Breathnach
- Inscne
- Baineann