Scoil: Meall an tSrutháin (uimhir rolla 2117)

Suíomh:
Meall an tSrutháin, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Dll. Ó Luasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0299, Leathanach 086

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0299, Leathanach 086

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Meall an tSrutháin
  2. XML Leathanach 086
  3. XML “Roinnt Seanfhocal do Chruinníos sa Bhaile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    21. Is dána bean ná muc.
    22. Frighdtóir fir nó raedóir mná.
    23. Is mairg tig ná taithigheadh fir.
    24. Bean táiliúra is beann tinncéara sin beirt bhan ná réidhtigheann le chéile.
    25. An áit in a mbíonn an bhó bíonn bean.
    26. Is fearr smacht ná biadh.
    27. An rud a chíonn an leanbh sé a ghníonn an leanbh.
    28. Leanbh gan mháthair ní binn é gol is ní gheal é a gháire.
    29. Nuair a bhíonn an bolg lán is mian leis na gcnámha síneadh.
    30. Ní féidir cheann críona do chur ar colann óig.
    31. Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht.
    32. I dtosach na haicíde is fusa é leigheas.
    33. Is measa an ath-iompáil ná an céad fiabhras.
    34. An luibh ná fághtar sí a fóireann.
    35. Chífeadh sé ceann ruadh an fhrhig.
    36. Ná chlois a gcloisfear.
    37. Radharc Coillighe Béara.
    38. Na feic a bhfeicfear.
    39. Is minic a bheir dall an girrfhéidh.
    40. Éist le fuaim na h abhann is gheobhair breac.
    41. Is fearr rith maith ná droch-sheasamh.
    42. Is ail leis an gcat an t-iasg ach ní h-áil leis a chosa a fluicheadh.
    43. Is minic a bhí cú mall sona.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla
    Bailitheoir
    Padraig O Huallaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Sraoilleán, Co. Chorcaí